In Stock
Teasáras Gaeilge-Beárla
Hardback
€54.95
Collect 164 Reward Points
- Guaranteed Delivery on
- Free Delivery from
- Book Synopsis
- Leac mhullaigh éachtach é TEASÁRAS GAEILGE-BÉARLA ar obair shaoil an údair, Garry Bannister. Ócáid chinniúnach staire ì i leith staidéar na teanga agus a cultúir. Is leabhar tagartha é nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil inniu. Taifead cuimsitheach é a nochtann scéimh, solúbthacht, doimhneacht agus stair na Gaeilge, bronnta ar an saol mar thoradh ar an taighde fhairsing chrìochnúil atá déanta ag Bannister. Cuimsìonn an Teasáras seo comhchiallaigh, cleachtaì agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha logánta agus seanfhocail. Léirìonn na hiontrálacha sa Teasáras seo peirspictìochtaì úra nach mbeifì ag súil leo sa teanga faoi mar a bhì sì inné agus mar atá sì inniu. Is áis an-úsáideach ar fad do stór focal an úsáideora iad na liostaì atá breactha de réir téama ar feadh an leabhair. Anuas ar sin tá cuntas nuálaìoch ar oibriú na Gaeilge nua-aoisì curtha faoinár mbráid i dTreoir Ghramadaì i gcúl an leabhair. Cuireann TEASÁRAS GAEILGE-BÉARLA saibhreas suntasach nua le corpas téacsanna tagartha na Gaeilge. Acmhainn áisiúil, riachtanach, is ea ì, agus taisce dhothomhaiste do chainteoirì, scrìbhneoirì agus iriseoirì, d'údair, d'aos dána agus do lucht foghlama agus, go deimhin, do dhuine ar bith a dteastaìonn uathu slacht, snas agus snoiteacht a chur ar a scileanna teanga idir labhairt agus scrìobh na Gaeilge. IRISH-ENGLISH THESAURUS is the stunning culmination of Garry Bannister's life's work and a milestone in engagement with the Irish language and its culture. It is a reference book like no other, a meticulously researched record which captures the beauty, agility, depth and history of the Irish language. Entries include but are not limited to translations, synonyms, usages and colloquialisms, common word combinations and proverbs. Every single entry reveals fresh and often surprising perspectives on contemporary and older usage. An original and innovative grammar guide offers leaner and more accurate descriptions of how the language is used. Lists of thematically grouped vocabulary appear throughout the book as an extremely useful tool for language-building and prose writing. IRISH-ENGLISH THESAURUS is a significant addition to the corpus of reference texts, an essential and indispensable resource for speakers, authors, poets, journalists, students and teachers, and, indeed, for anyone wishing to enrich and develop their spoken and written Irish-language skills.
- About The Author
- Faoin Údar Fuair an Dr GARRY BANNISTER a oideachas i gColáiste na Trìonóide i mBaile Átha Cliath, áit a ndearnadh sé staidéar ar an Ghaeilge agus an Rúisis. Chuaigh sé ar scoláireacht go Moscó i 1977. Ba ansin a bhain sé céim amach i dteanga agus i nualitrìocht na Rúisise agus PhD sa teangeolaìocht chomparáideach. I dtosach na n-ochtóidì chuir sé an chéad Roinn le Nua-Ghaeilge ar bun i StátOllscoil Mhoscó. Ar fhilleadh dó abhaile bhì sé ina cheannaire ar feadh trìocha bliain ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Choilm Bhaile Átha Cliath. Agus, ó am go chéile, bhì sé ina léachtóir ar cuairt i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, áit inar thug sé léachtaì ar Nualitrìocht na Gaeilge. Chomhoibrigh sé fosta in aistriúcháin ar thaiscì liteartha na Gaeilge le David Sowby (An tOileánach), Alan Titley (Cré na Cille), Gabriel Rosenstock (Comhrá le Lì Hé). Tá sé ina údar ar Fhoclóir an Fhoghlaimeora, Labhair Rúisis Liom, Essential Irish agus ar thrì eagrán nìos luaithe den teasáras nua breisithe seo. Le déanaì, tháinig leabhair eile uaidh amhail an fhoinse thagartha úd ar a bhfuil buanghnaoi an phobail, Proverbs in Irish, What's That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook agus aistriúcháin le tráchtaireachtaì ar na Cóáin chlasaiceacha Zen, A Path Home - Conair Siar, na leabhair uile sin foilsithe ag New Island. About the Author Dr GARRY BANNISTER was educated at Trinity College Dublin, where he studied Irish and Russian. On a scholarship to Moscow in 1977, he received a degree in Russian language and literature and also completed a PhD in comparative linguistics. He set up the first Department of Modern Irish at Moscow State University in the early 1980s. Upon his return to Ireland, he taught at St Columba's College in Dublin, where he was head of the Irish Department for nearly thirty years. He has also been a visiting lecturer on modern Irish literature at St Patrick's College, Drumcondra. He has worked on the translations of Irish literary classics such as An tOileánach with David Sowby, Cré na Cille with Alan Titley and Comhrá le Lì Hé with Gabriel Rosenstock. He is the author of Foclóir an Fhoghlaimeora, Labhair Rúisis Liom, Essential Irish, and three earlier editions of his Irish-English Thesaurus. More recently, his work includes the perennially popular Proverbs in Irish, What's That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook and the first comprehensive translation of classical Zen koans in English and Irish, A Path Home - Conair Siar, all published by New Island.
- Product Details
-
- ISBN
- 9781848408098
- Format
- Hardback
- Publisher
- New Island Books, (08 May 2023)
- Number of Pages
- 1064
- Weight
- 1429 grams
- Language
- Irish Gaelic
- Dimensions
- 165 x 235 x 52 mm
- Categories: